Tionscadal do Chóiriú agus Léasú Tithíocht atá Folamh



Download 15,63 Kb.
Sana08.09.2017
Hajmi15,63 Kb.
#20324
Tionscadal do Chóiriú agus Léasú Tithíocht atá Folamh

Tá scéim nua, an Tionscadal do Chóiriú agus Léasú Tithíocht atá Folamh, mar eochair-chuid den bPlean Gníomhaíochta do Thithíocht agus Easpa Dídine, ‘Rebuilding Ireland’. Díríonn an scéim ar thithíocht shóisialta a chur ar fáil i slí spriocdhírithe agus cinntíonn sé chomh maith go n-úsáidfear an stoc tithíochta atá ann sa tslí is fearr gur féidir.

Tá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge tar éis an tionscadal a chur i bhfeidhm ar bhonn píolótach agus a chur chun cinn le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

De réir sonraí ón bPríomh-Oifig Staidrimh agus staidéir áitiúla, tá líon suntasach de theaghaisí gan áitiú i gCathair agus i gContae Phort Láirge. Tá sé i gceist go ndíreoidh an Tionscadal do Chóiriú agus Léasú Tithíocht atá Folamh (ar a dtugtar an ‘Repair and Leasing Initiative’ nó RLI) ar na sealúchais seo mar fhoinse thithíocht shóisialta, b’fhéidir agus chomh maith leis sin, tugann sé ioncam don úinéir nach mbeadh ar fáil taobh amuigh de sin.

Sé bunús na scéime ná go ndéantar maoiniú ar oibreacha deisithe agus feabhsúcháin ar shealúchais oiriúnacha gan áitiú chun iad a thabhairt suas dtí an caighdeán atá ag teastáil do chóiríocht ar cíos. Baintear costas na n-oibreacha ó na híocaíochtaí léasa thar tréimhse léasa comhaontaithe.

Tá roinnt riachtanais a bhaineann leis an scéim:



  • Caithfidh an sealúchas a bheith folamh

  • Caithfidh éileamh do thithíocht shóisialta a bheith ann don sealúchas

  • Caithfí an sealúchas a mheas, féachaint an bhfuil sé inmharthana mar chóiríocht

  • Sé 10 mbliana an téarma léasa is lú agus b’fhearr gur 20 bliain a bheadh ann

  • Tá na híocaíochtaí léasa bunaithe ar rátaí cíosa reatha na margaí i gceantar an tsealúchais, lúide 20% chun tréimhsí gan áitiú agus riarachán/bainistíocht a chlúdach

  • Déantar scóip agus costas na n-oibreacha, maraon le haisíocaíocht chostas na n-oibreacha tríd na híocaíochtaí léasa, a chomhaontú idir an úinéir agus Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge

  • Níl an tionscadal seo ar fáil i gcomhair ligean ar cíos príobháideach

Cabhróidh Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge le húinéirí réadmhaoine chun scóip na n-oibreacha a fhorbairt agus cabhróidh sí freisin le húinéir an tsealúchais chun na hoibreacha deisithe a chur i gcrích.

Déanfaidh foireann Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge an sealúchas a iniúchadh, chun na hoibreacha atá ag teastáil chun an áitreabh a thabhairt suas go dtí an caighdeán riachtanach a aithint.

Déanfar sealúchais i ngach áit a mheas, ach tá éileamh faoi leith i gCathair Phort Láirge, i nDún Garbhán agus sa Trá Mhór.



Déan teagmháil le Rannóg Soláthar Tithíochta Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge i gcomhair a thuilleadh eolais nó líon isteach agus seol ar ais an fhoirm fiosrúcháin. www.waterfordcouncil.ie Tel. 0761 10 20 20
Download 15,63 Kb.

Do'stlaringiz bilan baham:




Ma'lumotlar bazasi mualliflik huquqi bilan himoyalangan ©hozir.org 2024
ma'muriyatiga murojaat qiling

kiriting | ro'yxatdan o'tish
    Bosh sahifa
юртда тантана
Боғда битган
Бугун юртда
Эшитганлар жилманглар
Эшитмадим деманглар
битган бодомлар
Yangiariq tumani
qitish marakazi
Raqamli texnologiyalar
ilishida muhokamadan
tasdiqqa tavsiya
tavsiya etilgan
iqtisodiyot kafedrasi
steiermarkischen landesregierung
asarlaringizni yuboring
o'zingizning asarlaringizni
Iltimos faqat
faqat o'zingizning
steierm rkischen
landesregierung fachabteilung
rkischen landesregierung
hamshira loyihasi
loyihasi mavsum
faolyatining oqibatlari
asosiy adabiyotlar
fakulteti ahborot
ahborot havfsizligi
havfsizligi kafedrasi
fanidan bo’yicha
fakulteti iqtisodiyot
boshqaruv fakulteti
chiqarishda boshqaruv
ishlab chiqarishda
iqtisodiyot fakultet
multiservis tarmoqlari
fanidan asosiy
Uzbek fanidan
mavzulari potok
asosidagi multiservis
'aliyyil a'ziym
billahil 'aliyyil
illaa billahil
quvvata illaa
falah' deganida
Kompyuter savodxonligi
bo’yicha mustaqil
'alal falah'
Hayya 'alal
'alas soloh
Hayya 'alas
mavsum boyicha


yuklab olish